Cathair
Dónall
Mór Chuaird Chiarraí
Tá Óstán Dhoire Fhionáin
lonnaithe in áit ina bhfuil cuid den radharcra is fearr sa
tír, leath slí timpeall Mór
Chuaird Chiarraí – a bhfuil cáil dhomhanda air.
Tá 70 seomra leapa san Óstán. Ar na háiseanna
eile atá ann
tá linn snámh téite 15 méadar amuigh
faoin aer, seomra gaile, seomra allais, giomnáisiam, cúirt
leadóige,
folcadh sómhar feamainne agus gáirdíní
álainne ag féachaint amach ar an Aigéan Atlantach.
Tá scoth an bhia
le fáil ann i dtimpeallacht shuaimhneach.
Tá gradam Óstán Teaghlaigh na Bliana 2005 faighte
ag an óstán i leabhrán de chuid Georgina Campell
– an
Jameson Guide.
Tá aitheantas AA Rosette bainte amach ag an mbialann ann.
Deintear maoirseacht ar ionad súgartha do
leanaí atá os cionn cheithre mbliana d’aois
(is féidir le leanaí níos óige freastal
faoi réir tuismitheoir nó
coimirceoir a bheith leo) tráthnónta le linn deireadh
seachtainí saoire bainc i mí Aibreáin, Bealtaine,
Meithimh
agus gach tráthnóna le linn Iúil agus Lúnasa.
I measc na ngníomhaíochtaí atá ar fáil
go háitiúil tá iascaireacht, galf, marcaíocht
ar chapall, caitheamh
aimsire ar uisce agus turais chuig Sceilg Mhichíl.
Tá tránna glana sábháilte ann maraon
le siúlóidí breátha - tá treoirleabhar
siúlóide don gceantar curtha le
chéile ag an óstán féin.
Tairiscintí
Speisialta
15 Aibreán go dtí 30 Bealtaine (gan deireadh seachtaine
saoire bainc san áireamh)
Dhá oíche lóistín agus béile
amháin tráthnóna €149.00 an duine (ag
roinnt seomra)
Trí oíche lóistín agus dhá bhéile
tráthnóna €229.00 an duine (ag roinnt seomra)
agus lóistín an ceathrú oíche
saor in aisce.
* * * * * * *
1 Meitheamh go dtí 9 Iúil (gan deireadh seachtaine
saoire bainc san áireamh)
1 Meán Fómhair go dtí 9 Deireadh Fómhair
Dhá oíche lóistín agus béile
amháin tráthnóna €169.00 an duine (ag
roinnt seomra)
Trí oíche lóistín agus dhá bhéile
tráthnóna €259.00 an duine (ag roinnt seomra)
agus lóistín an ceathrú oíche
saor in aisce.
9 Iúil go dtí 31 Lúnasa
Trí oíche lóistín agus dhá bhéile
tráthnóna €319.00 an duine (ag roinnt seomra)
Seomraí teaghlaigh ar fáil le rátaí
speisialta do leanaí (uasmhéid de thriúr ag
roinnt)
|